School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus déanann siad gniomh thart air leis an móin agus bíonn crainnte beaga. Bíonn an teine ar lasadh ar feadh trí laetha indhiadh sin.
Marbhuigheann gach duine cearc nó gé nó lachan lá ‘le Mártain agus cuireann siad an fuil ar nar táirsíghe.
Bíonn Oidhche Nodlag ar an oidhche roimhe an 25adh lá de mí Nodlag.
Gearann gach duine píosa a gruag ar Aoine an Céasta in onóir do Naomh Críost agus deánann sí poll agus cuireann siad an gruaig ann.
Oidhche Samhna bíonn go léor cleas ghá imirt ag an t-aos óg an bhaile seo. Bíonn siad ag tumadh i dtoban uisge le hagaidh airgid nó ubhla; ag briseadh cabáiste agus bíonn trí fó-chupán leagtha ar an mbord; bíonn cré i ceann acú; uisge glan i gceann eile agus uisge salach(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Informant
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female