Meitheal Dúchas.ie

Tá cuireadh á thabhairt againn d’úsáideoirí an tsuímh tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar ábhar de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá súil againn go gcuirfidh an obair seo le rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal agus go gcuirfidh sé le hinrochtaineacht an ábhair chomh maith. Breis eolais…

Cláraigh nó logáil isteach

Pobal ag Tras-scríobh

Is deis í seo duitse cur le scaipeadh an ábhair luachmhair seo agus léargas níos doimhne a fháil ar Chnuasach Bhéaoideas Éireann. Más múinteoir nó léachtóir thú, bheimis an-sásta tacú leat an áis seo a úsáid sa seomra ranga. Más taighdeoir thú atá ag tras-scríobh ábhair as an bPríomhbhailiúchán nó as Bailiúchán na Scol ar mhaithe le do chuid taighde féin, is féidir leat an obair sin a spáráil ar dhuine eile ach é a roinnt linn anseo. Féach a bhfuil ar fáil le tras-scríobh.

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní

172,512 leathanach Gaeilge

2%
3,396 leathanach tras-scríofa
98%
169,116 leathanach fós le tras-scríobh

35,876 leathanach Béarla

7%
2,651 leathanach tras-scríofa
93%
33,225 leathanach fós le tras-scríobh
Athruithe le déanaí

Bailiúchán nua

Cuireadh ábhar as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ar fáil do thras-scríbhneoirí Meitheal Dúchas.ie den chéad uair le déanaí. Foilseofar breis ábhair ón mbailiúchán seo de réir a chéile.

Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun dréacht-thras-scríbhinní a réiteach don chéad deich n-imleabhar d’ábhar Gaeilge atá á gcur ar fáil. Tá do chabhair uainn anois chun caighdeán na dtras-scríbhinní sin a fheabhsú! Caith súil ar ár gcuid treoracha sula dtéann tú i mbun oibre, le do thoil.

Cuireadh deich n-imleabhar eile, ina bhfuil ábhar Béarla don chuid is mó, ar fáil freisin agus is féidir iad a thras-scríobh ó bhonn. Lean na naisc thíos agus tabharfar scéal randamach ón mbailiúchán duit le tras-scríobh…

Molaimid go gcruthófá cuntas úsáideora duit féin ar dtús, ionas go bhfaighidh do chuid oibre an t-aitheantas cuí.

Scéal i nGaeilge Scéal i mBéarla

Bailiúchán na Scol

94,696 leathanach Gaeilge

92%
87,404 leathanach tras-scríofa
8%
7,292 leathanach fós le tras-scríobh

357,532 leathanach Béarla

100%
356,917 leathanach tras-scríofa
0%
615 leathanach fós le tras-scríobh
Athruithe le déanaí

Comhghairdeas!

Tá nach mór iomlán an ábhair Béarla i mBailiúchán na Scol tras-scríofa faoi seo. Buíochas ó chroí le tras-scríbhneoirí dícheallacha Meitheal Dúchas.ie! Glacfaimid fós le hathruithe ó úsáideoirí a chuireann feabhas ar na tras-scríbhinní atá ann cheana.

Ní fada go mbeidh an t-ábhar Gaeilge sa bhailiúchán tras-scíofa ina iomlán ach oiread. Ba mhór againn do chabhair chun an chloch mhíle sin a bhaint amach. Más mian leat páirt a ghlacadh, lean an nasc thíos agus tabharfar scéal randamach duit le tras-scríobh…

Molaimid go gcruthófá cuntas úsáideora duit féin ar dtús, ionas go bhfaighidh do chuid oibre an t-aitheantas cuí.

Scéal i nGaeilge