School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Page 03_023
- XML “An Lá a B'fhearr a Bhí agam i Rith na Laethanta Saoire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin fuaireamar suidheachán. Shocruigheas mé féin i n-aice na fuinneóige ionnus go mbéadh radharc agam ar an dtuaith. Maidin bréagh Fóghmhair abhí ann agus bhí gach rud as breathnuighadh go h-alainn. Cuadhamar thar [móirféir?] is portaigh is coillte ach sa deire sroicheamar ceann sgríbe. Cuir mo shean-mháthair fáilte rómhainn agus réidhtigh sé béile maith dúinn. Chuaidh mé féin 's mo colceathar ag foleadh sa bhfarraige.Bhí sult s'spóirt againn annsin agus b'aoibhinn liom gach rud a b'faca mé. Bhí na tonntracha ag briseadh go mhín réidh ar an dtráigh, 's bhí an ghrian ag spalpadh go h-aluinn. Shuibhlamar linn tríd an bfheirm go bh'faca muid na beithidhigh go léir. Bhailigh muid ciseán mór cuiríní 's spíonán. Bhí an tráthnóna ag teacht agus an ghrian ag maolu siar agus thugamar ar n-aghaidh ar an mbaile. D'fhág mo shean-mháthair slán againn agus gheallamair go dtiocfaidh(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo