Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Do bhí duine áirigthe na chómhnuidhe thall ar an Cloich Adhna...”
Do bhí duine áirighthe na chómhnuidhe thall ar an gCloich Adhna
roinnt bhliadhanta ó shoin agus do bhí sé ráidhte go raibh
an fear san ins na púcaíbh agus go gcaitheadh sé furmhór
gach oidhche na dteannta. Seo roinnt eachtraí 'na thaobh:
Do bhí duine de mhuinntir Iarfhlaithe thall ar
Dhoire an Chuirrtigh ag dul abhaile oidhche ó bheith ag
sgoruidheacht agus nuair a tháinig sé go dtí teorainn
an bhaile do chuir sé a phíopa na bhéal agus do lás
é. Do bhí sean-chasán ag gabháil thar claidhe na
páirce agus do chomáin sé leis chun gur snapadh
an píopa amach as a bhéal de phreib.
Do baineadh ana gheit as agus do thosnuigh sé ar
bheith ag cuardach fan chlaidhe féachaint cár ghaibh
sé uaidh ach dá mbeadh sé annsan ó shoin ní fhéadfad
sé tuairisg an phíopa d’fhagháil.
Do chuaidh sé abhaile agus níor chuimhnig sé a thuilleadh
ar an bpíopa go dtí gur tháinig sé amach as an
séipéal an Domhnach na dhiaidh san agus gur bhuail
Conín na bPúcaí uime.
"Seo dhuit do phíopa," arsa Conín leis, "agus ba chóir
duit bheith buidhthach díom mar mura mbeadh go rabhas
i n-aonfheacht leo an oidhche sin ní h-annso do bheithea
indiu."
Ní dubhairt an fear eile pioc ach an píopa do thógaint.(continues on next page)