Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- 428
Aisling
Ar maidin indé gus mé go h-uaigneach
Ag siubhal liom féin go h-athtuirreach bhuadhartha
Cé bhuailfí umham ach an spéir-bhean uasal
Do bheannuigheas di agus seo mar adubhart -sa:
"A ainnir mhaorda cad as do chuaird-se
Nú an tú bhínns nú Aobhal cuadhtrad
Nás é do thoil é d’innsint sgaoil chugam goluath é.
Mar ná bead sásta go bhfaghadh fáth do bhuaidhreamh.
T
do labhair an ainnir go módhamhail béasach
go milis blasda i dteanga na gaedilge
Dubhairt liom go tapaidh nárbh í Bhénns
Ach gur bhean í ar chuaird a theanga féinig
Do labharas airís agus dubhart go dána:
"Ar bh’ é do thoil a innsint cad tír as a dtáingis
Nú an tú Éire do bheannuigh Naomh Phádruigh
Agus an í an ghaedilg fáth do chraidhte."
Té
Is fíor go deimhin gur mise Éire
Is gurbh í fáth mo chráidte teanga na Saedhilge
nuar thá sí imthighthe anois gan saoradh
Mar gheall ar moille d dhaille na nÉireannach(continues on next page)