Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0048

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title)

    Do chuaidh roinnt bhuachaillí na cómharsanachta isteach sa lios...

    48
    Do chuaidh roinnt bhuachaillí na cómharsanachta isteach sa
    lios san uair amháin agus ba dheacair dul isteach ann.
    Thugadar solus leo agus do chuardaigheadar an áit
    istig. Dubhradar go raibh ceithre seomraí móra istig
    ann agus gur chuadar isteach i dtrí cinn aca.
    Nuair a chuadar go dtí dorus an chinn aile
    do bhí cloch mhór annsan rómpa agus ní fhéadaidís
    oiread agus corruighe do bhaint aisti.
    Do thugadar tamall maith ag gabháil di ach bhí
    sé fuar aca bheith ag cailleamhaint aimsire léi agus
    do thánadar amach airís: bhí mórán aca ag cuimh-
    neamh ar dhul isteach ann airís ach níor airigheas
    gur eirigh le h-aoinne an chloch do thógaint.
    Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig tá os cionn deich
    mbliana fichead ó shoin, buachaill de mhuinntir Chríodáin
    agus do bhí sé ag dul ar sgoil i Maghcromtha. Do bhí
    sé chun bheith na mháighistir sgoile. Do bhí sé sa bhaile mar
    seo tráthnóna amháin agus do tháinig feirmeoir áirighthe
    a bhí na chómhnuidhe ar an dtaobh thall den Charraig, do
    tháinig sé isteach sa tigh agus d’iarr sé ar an mbuachaill
    an raghadh sé na theannta go dtí aonach Átha an Chóiste
    go raibh roinnt stuic aige le tíomáint ann.
    Dubhairt an buachaill go raghadh gan dabht agus do
    thugadar aghaidh ar bhóthar. Do bhaineadar Átha an
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
  2. (no title)

    Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig....

    Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig tá os cionn deich
    mbliana fichead ó shoin, buachaill de mhuinntir Chríodáin
    agus do bhí sé ag dul ar sgoil i Maghcromtha. Do bhí
    sé chun bheith na mháighistir sgoile. Do bhí sé sa bhaile mar
    seo tráthnóna amháin agus do tháinig feirmeoir áirighthe
    a bhí na chómhnuidhe ar an dtaobh thall den Charraig, do
    tháinig sé isteach sa tigh agus d’iarr sé ar an mbuachaill
    an raghadh sé na theannta go dtí aonach Átha an Chóiste
    go raibh roinnt stuic aige le tiomáint ann.
    Dubhairt an buachaill go raghadh gan dabht agus do
    thugadar aghaidh ar bhóthar. Do bhaineadar Átha an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script