Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0217
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- 6
217
An Ghabhar agus an Mhíonán
Fear a bhí i mBaile Mhúirne go dtugaidís -
"Gabhar a’ dá lainncis" air. Bhí macail éigin
ar a chosaibh agus siubhal sreanmhar aige.
bhíodh sé ag feighilt bha agus na feirmeoirí
mar bhíodh aodhairí bó go flúirseach ar fuaid na
dúithche an uair sin.
Bhí garsún de mhac aige agus do cuireadh ag
thabhairt a théarma é go dtí táilliuir a bhí n-a
áit go dtugaidís Poll a’ ghabhair
. An ba
chómhnuidht
air. Fear deisbhéalach cliste ab’ eadh an táilliuir
agus file maith leis. D’eirigh rud éigin idir an
tháilliuir agus an garsún agus d’imthigh an garrín
ar fiarán - Bhí an - sean-ghabhar an t-am san
ag seighilt ba ag feirmeoir a bhí na chómhnuidhe
ar an Áth leacach, baile tá ar aghaidh chúil aodha
anonn.
Do chuaidh an táilliuir fé dhein an t-Sean -
ghabhair agus dubhairt leis go raibh an mac imthighthe
agus gur fearra dho dul agus é pholáthar. Do
ghluais an sean-ghabhar ar a lorg agus tráthnóna.(continues on next page)