Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- Is mór an seó iad na míorbhúiltí a aithrisightear i
dtaobh Naomh Gobnait agus is deallruightheach go mbíonn
trácht uirthe abhfad ó bhaile mar do bhí ana bheann ag
muinntir an deiscirt go h-áithrighthe uirthe fadó.
Is ana dheacair a rádh cár rugadh agus cár tógadh
í mar bíonn a innsint féin ag gach aoinne ar an
sgéal. Tá daoine ann adeir gur i n-iarthar na
h-Éireann a rugadh í agus gurab inghean rí Chonn-
achta í agus daoine eile adeir gur í Laighnibh iseadh
do rugadh í. Táid ann adeir gur inghean flaithe(continues on next page)