Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0060
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí tailliuir ag obair i dtigh fadó...”
60
Do thug sé an inghean don mhac dob' óige le pósadh. Do
tugadh a ndóithin óir agus airgid don bheirt eile agus
chuadar abhaile go sásta agus go saidhbhir.
Do bhí tailliuir ag obair i dtigh fadó agus do tugtí sé
ndeara gach aon mhaidean ná bíodh an tailliuir ach
díreach taréis dul isteach sa leabaidh nuair a eirigheadh
muinntir an tighe. Mar seo oidhche d’fhan cailín aim-
sire a bhí sa tigh ag faire nuair a bhí an mhuinntir eile
imthighthe a chodladh féachaint cá ngabhadh an tailliuir san
oidhche.
Ba ghearr gur eirigh an táilliuir aníos agus an cailín
ag faire air. Tháinig sé isteach sa chistin agus dhein
sé fáinne mór ar an dteintean le n-a órdóg agus
do léim isteach ann. Ar iompáil báise do bhí
giorrfhiadh déanta aige dhe féin agus suas leis an
simné. Do rith an cailín agus do léim sí isteach
sa bhfáinne na dhiaidh agus bhí sí na giorrfiadh láith-
reach agus suas léi an simné agus i ndiaidh an ghiorr-
fhiaidh eile. Do lean sí é agus ba ghearr go bhfuair
sí í féin ar bharr sléibhe agus na mílte giorrfhaidhthe
na tímpeall. Bhí eagla a croidhe uirthe go gcaillfeadh
sí tuairisg an ghiorrfhiaidh eile agus i dtaobh a’s go(continues on next page)(no title) (continued)
“Do bí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici...”
(continued from previous page)60
Do thug sé an inghean don mhac dob' óige le pósadh. Do
tugadh a ndóithin óir agus airgid don bheirt eile agus
chuadar abhaile go sásta agus go saidhbhir.
Do bhí tailliuir ag obair i dtigh fadó agus do tugtí sé
ndeara gach aon mhaidean ná bíodh an tailliuir ach
díreach taréis dul isteach sa leabaidh nuair a eirigheadh
muinntir an tighe. Mar seo oidhche d’fhan cailín aim-
sire a bhí sa tigh ag faire nuair a bhí an mhuinntir eile
imthighthe a chodladh féachaint cá ngabhadh an tailliuir san
oidhche.
Ba ghearr gur eirigh an táilliuir aníos agus an cailín
ag faire air. Tháinig sé isteach sa chistin agus dhein
sé fáinne mór ar an dteintean le n-a órdóg agus
do léim isteach ann. Ar iompáil báise do bhí
giorrfhiadh déanta aige dhe féin agus suas leis an
simné. Do rith an cailín agus do léim sí isteach
sa bhfáinne na dhiaidh agus bhí sí na giorrfiadh láith-
reach agus suas léi an simné agus i ndiaidh an ghiorr-
fhiaidh eile. Do lean sí é agus ba ghearr go bhfuair
sí í féin ar bharr sléibhe agus na mílte giorrfhaidhthe
na tímpeall. Bhí eagla a croidhe uirthe go gcaillfeadh
sí tuairisg an ghiorrfhiaidh eile agus i dtaobh a’s go