Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0069
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí Fionn Mac Cúmhaill agus an Fhian ag fuadach lá....”
69
do bhí fionn Mac Cúmhaill agus an fhian ag fiadhach lá agus do thárla
gur tugadh cuireadh dhóibh go féasta a bhí i dtigh. Do chuadar isteach
agus do suidheadar síos ar chathaoireachaibh ag an mbórd agus
an
d’itheadar a sáith annsan. Taréis dóibh bhéile do chaitheamh do
dheineadar iarracht ar eirighe ach is amhlaidh a bhíodh greamuighthe
go daingean ins na cathaoireacha. Do bhíodar i bpúnc agus
ní fheidir siad cad dob fhearra dhóibh a dhéanamh.
Do thárla go raibh cuid den lucht seilge a lean an
fiadhach agus ortha san do bhí Diarmuid Ua Duibhne. Do
bhuail smaoineamh Diarmuid go raibh rud éigin bun os cionn
leis an bhfinn agus do stad sé den fhiadhach agus do ghlaoidh
chuige a lucht leanamhna agus do nocht a sgéal dóibh.
Do thugadar a n-aghaidh ar thig an fhéasta agus nuair a
fionn
chuadar thar dorus isteach cad a bheadh rómpa ach
agus an chuid eile don fhoinn agus ná féadaidís eirighe as na
cathaoireacha. D’fhéachadar chómh greannmhar san gur gháir Diar-
muid agus d’eirigh Conán Maol ar buile le feirg gur thug
sé aghaidh na muc is na madraí ar Dhiarmuid.
Do chuir fionn a órdóg na bhéal is do chogain go cruaidh
sé na dhéad is d’órduigh do dhiarmuid fear na féasta do
thabhairt na láthair. Do chuardaig diarmuid istigh is amuigh
thíos agus suas ach ní bhfuair sé a thuairisg i n-aonbhall.
Do tháinig sé tharnais airís is dubhairt fionn leis
an áit do chur tré theine agus chómh maith do dhein.
Níor bhfada i n-aoncor go bhfeacadar chúcha an "flait"(continues on next page)