Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Do chuaidh roinnt bhuachaillí na cómharsanachta isteach sa lios...”
Do chuaidh roinnt bhuachaillí na cómharsanachta isteach sa
lios san uair amháin agus ba dheacair dul isteach ann.
Thugadar solus leo agus do chuardaigheadar an áit
istig. Dubhradar go raibh ceithre seomraí móra istig
ann agus gur chuadar isteach i dtrí cinn aca.
Nuair a chuadar go dtí dorus an chinn eile do bhí cloch mhór annsan rómpa agus ní fhéadaidís oiread agus corruighe do bhaint aisti.
Do thugadar tamall maith ag gabháil di ach bhí
sé fuar aca bheith ag cailleamhaint aimsire léi agus
do thánadar amach airís. Bhí mórán aca ag cuimhneamh ar dhul isteach ann airís ach níor airigheas gur eirigh le h-aoinne an chloch do thógaint.(no title)
“Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig....”
Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig tá os cionn deich
mbliana fichead ó shoin, buachaill de mhuinntir Chríodáin
agus do bhí sé ag dul ar sgoil i Maghcromtha. Do bhí
sé chun bheith na mháighistir sgoile. Do bhí sé sa bhaile mar
seo tráthnóna amháin agus do tháinig feirmeoir áirighthe
a bhí na chómhnuidhe ar an dtaobh thall den Charraig, do
tháinig sé isteach sa tigh agus d’iarr sé ar an mbuachaill
an raghadh sé na theannta go dtí aonach Átha an Chóiste
go raibh roinnt stuic aige le tiomáint ann.
Dubhairt an buachaill go raghadh gan dabht agus do
thugadar aghaidh ar bóthar. Do bhaineadar Átha an(continues on next page)