Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Sean-bhean a bhí ann fadó go raibh roinnt chearc aici...”
26
Sean-bhean a bhí ann fadó go raibh roinnt chearc aice
agus do thárla lá amháin ná raibh aon gháinne mine
istig aice a thabharfadh sí dhóibh le n-ithe. Do chuaidh
sé ag triall ar an gcómharsa ba ghoire dhi agus do
fuair sí buicéad mine annsan ar iasacht.
Nuair a fuair sí mála mine dhi féin annsan do
thóg sí an méid a fuair sí ar iasacht amach as ain
mála agus nuair a bhí san déanta aici ba dhóigh léi
gur chuir sé an mála ana-fhada síos.
Siúd ar aghaidh í go dtí tigh an chómharsan agus
an buicéad mina aice. Do chuaidh sí isteach, chuir
sí an buicéad ar an dtalamh. "Seo" ar sise
"agus nár thugaidh Dia a thairbhe dhíbh: ba ghearr
le dul orm é nuair a fuaras é agus b’fhada síos
a chuir sé ma mháilín nuair a bhaineas as é!"