Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Do bhí cúpla cruach choirce ag duine áirighthe i mBaile Mhúirne...”
31
Do bhí cúpla cruach choirce ag duine áirighthe i mBaile
Mhúirne tá tamall maith ó shoin ann agus do ana
feiste ortha agus iad amuigh i bpáirc a bhí ana
chromtha. Do thárla gur tháinig tuile ana mhór
Dómhnach áirighthe agus d’eirigh an t-uisge chómh
h-ard san gur sguabadh na cruacha chun siubhail
agus siúd síos iad le fanaidh na h-abhann a bhí
ag gabháil fan na páirc thíos agá buin.
Do bhí dhá ghabhar anáirde ar chruach ana a bhí
ann ó mhaidin agus bhí a leithéid sin d’ampla
ortha nár thugadar fé ndeara na cruacha ag imtheacht.
Bhí beirt fhear thíos ag droichead Phuill na Bró
agus iad ag feachaint ar an dtuile san abhainn.
Níor bhfada gur bhuail chúcha le fánaidh an ghleanna
an chruach choirce agus an dá ghabhar anáirdhe air
go breágh socair suaimhneasach agus an iad ag
ithe go fuadrach amplach. Ba dhóbair don bheirt
ar an ndroichead tuitim isteach san abhainn le
neart gáiridhe nuair a chonnacadar an radharc.