Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0027

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title)

    Tá áit i mBéal-Átha 'n Ghaorthaidh ar a dtugtar Cathair na Cátha...

    27
    Tá áit i mBéal-Áthan Ghaorthaidh ar a dtugtar
    Cathair na Cátha air agus an sgéal so fé ndear an
    ainm sin do bheith ar an áit:
    Nuair a bhí an Ghorta ag cuir ar mhuinntir an bhaill
    sin do bhí bean áirighthe sa cheanntar go raibh lochta
    mór coirce aici nuair a bhí gach aon rud eile
    ídighthe ar gach taobh. Gach aoinne a thagadh chúiche.
    do roinneadh sí roinnt den choirce air go dtí
    ná raibh fágtha ach an cháth.
    Mar seo lá do labhair sí le n-a mac agus dubhairt
    go raibh sé i n-am choirca do chur. "Seadh,"
    arsan mac, "ach níl gráinne coirce ann anois."
    "Treabhaidh an pháirc ar aon chuma" ar sise
    "agus cuimhneochaimíd ar sheift éigin b’fhéidir."
    Do dhein sé amhlaidh agus nuair ná raibh aon síol
    aca. dubhairt sí leis an uach an cháth do chur
    i n-ionad an choirce mar ná tabharfadh sí le
    radh dos na daoine go raibh an lochta coirce ídighthe
    Do chuir sé an cháth agus d’fhás sí díreach
    mar a fhasfadh coirce agus do barra aca an bhliain sin
    a chuir iongnadh ar gach aoinne. Sidé an chúis gur
    tugadh Cathair na Cátha ar an áit sin.
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant