Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0081
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i Lonndain...”
Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i Lonndain do tugadh cuireadh dho dul go dtí tigh áirighthe agus do
chuaidh. Taréis tamaill do cuireadh na h-árthaighe ar
an mbórd agus dubhrathas le Dómhnall suidhe síos agus
béile do chaitheamh. Do shuidh sé chun búird agus bhí daoine móra na theannta. Do cuireadh gloiní fíona os a gcómhair amach ar an mbórd ar dtúis.
Do bhí cailín aimsire sa tigh agus Gaedheal dob
eadh sise. D’aithin sí Dómhnall Ua Conaill agus i lár
na cainnte dubhairt sí mar seo:
"A Dómhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú Gaedhilg".
Arsa Dómhnall: " Cad na thaobh ná tuigfinn agus mé
ó Éirinn".
Arsan cailín: "Tá nimh sa chupán a mharbhóchadh na céadta - ith do dhóithin agus ná h-ól aon bhraon de".
Do thuig Dómhnall conus mar a bhí an sgéal agus nuair a fuair sé caoi do chuir sé a ghloine féin i n-áit an ghloine ba ghiorra dho agus do chomáin sé leis.
Do mhairbh an nimh an fear eile agus do thug Dómhnall na cosa leis ach mura mbeadh an cailín Gaedhealach do bheadh sgéal gan dath aige.