Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Pádraig, Rígh an Domhnaigh...”
Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Pádruig Righ an Dómhnaigh mná na gceannuidhthe agus dhá cheann Chorcaighe dhuit. Inghean na deagh-athar le toghadh máthar riamh nár caineadh i dtigh tábhairne agus gura maith buan a mhairfir-se i seilbh na h-áite.
"Seadh, conus tá'n tú a bhean áluinn - ar ndóin dar na miona tá'n tú go maith mar ba dhual agus mar ba dhúthchas duit a bheith. Conus tá Diarmuid 's a chlann? ar ndóin táid go biadhmhar teann agus maith ó Dhia na gceann.
Inghean do Chaitlín Ní Neais agus do Sheán bocht Ua
Murchadha ó thobar Ríogh an Dómhnaig agus ó bhéal Chroist
Fírinne seadh mise agus mura ndéanfaidh mé na seacht nglan dturais seo ar scathán mo dhá ghlúin agus ar chroidhe mo dhá dhearnain thíos i Sráid na mBioránach bíodh sé fé bhraghaidh anama mo fhuime: ach má thá sé i ndán dom go dtabharfaidh mé m' aghaidh siar ó dheas ar Bhaile Mhúirne na mór-chómhachta eirigh id’sheasamh agus
ná raghaidh tú treas gairt agus cuir rómhat an t-aon déirc daonnachtach sa i moch Éirighe
an Luan i ndéidheannaight an t-Satharainn i n-aon mhian na ndaor-peacaidhe go malluighthe
dian dána doirgeach.
Is tú síol na saoithe agus mar shluagh ingheana do
maithibh na tíre agus do bhéarfainn uait ó croidhe
é le deagh-intinn. Dá iarraidh ar Dhia(continues on next page)