Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0087

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Pádraig, Rígh an Domhnaigh...

    Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus Pádruig Righ an Dómhnaigh mná na gceannuidhthe agus dhá cheann Chorcaighe dhuit. Inghean na deagh-athar le toghadh máthar riamh nár caineadh i dtigh tábhairne agus gura maith buan a mhairfir-se i seilbh na h-áite.
    "Seadh, conus tá'n tú a bhean áluinn - ar ndóin dar na miona tá'n tú go maith mar ba dhual agus mar ba dhúthchas duit a bheith. Conus tá Diarmuid 's a chlann? ar ndóin táid go biadhmhar teann agus maith ó Dhia na gceann.
    Inghean do Chaitlín Ní Neais agus do Sheán bocht Ua
    Murchadha ó thobar Ríogh an Dómhnaig agus ó bhéal Chroist
    Fírinne seadh mise agus mura ndéanfaidh mé na seacht nglan dturais seo ar scathán mo dhá ghlúin agus ar chroidhe mo dhá dhearnain thíos i Sráid na mBioránach bíodh sé fé bhraghaidh anama mo fhuime: ach má thá sé i ndán dom go dtabharfaidh mé m' aghaidh siar ó dheas ar Bhaile Mhúirne na mór-chómhachta eirigh id’sheasamh agus
    ná raghaidh tú treas gairt agus cuir rómhat an t-aon déirc daonnachtach sa i moch Éirighe
    an Luan i ndéidheannaight an t-Satharainn i n-aon mhian na ndaor-peacaidhe go malluighthe
    dian dána doirgeach.
    Is tú síol na saoithe agus mar shluagh ingheana do
    maithibh na tíre agus do bhéarfainn uait ó croidhe
    é le deagh-intinn. Dá iarraidh ar Dhia
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1930
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir