Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0062

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici.

    62
    Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac
    amháin aici. Ní raibh aon rachmus ró-mhór aca agus
    mar seo lá dubhairt an mac go bhfágfadh sé an baile
    agus go mbainfeadh sé triall as an saoghal mór féachaint
    aonus a eireochadh leis. D’fhág sé slán agá mháthair
    agus do thug aghaidh ar bhóthar.
    Fuair sé obair ó chailligh a bhí na cómhnuidhe i
    ngleann uaigneach le h-ais coille agus d’fhan sé ann-
    san. Nuair a tháinig an mhaidean d’órduigh an
    chailleach do dul agus an stábla do ghlanadh amach agus
    búcla óir a chaill a mháthair ann d’fhagháil di. Amach
    leis agus do luigh isteach ar an stábla a ghlanadh amach
    ach nuair a chaitheadh sé sluaiste den aoileach amach do
    thagadh a dhá oiread isteach i dtreo nuair a bhí aimsir
    dínnéar tagaithe go raibh an áit go léir lán geall
    leis. Do tháinig an cailín aimsire amach chuige
    leis an ndinnéar agus dubhairt sí leis go nglanfadh
    sí féin an stábla ach gan pioc a leigint air.
    Do thosnuigh sí ar obair ach d’iompuigh sí an
    sluagh taobh síos suas agus ba ghearr an mhoill uirthi
    an stábla do ghlanadh agus fuair sí an búcla óir.
    "Coimeád an búcla san," arsan cailín, "ach taisbeain
    di é mar chruthughadh go bhfuarais é."
    Chuaidh an buachaill isteach sa tigh um thráthnóna agus d’fhiafruig
    an tsean-bhean de ar ghlan sé an stábla. Dubhairt sé gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach