Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0051

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí duine áirigthe na chómhnuidhe thall ar an Cloich Adhna...

    51
    do bhí duine áirighthe na chómhnuidhe thall ar an gCloich Adhna
    roinnt bhliadhanta ó shoin agus do bhí sé ráidhte go raibh
    an fear san ins na púcaíbh agus go gcaitheadh sé furmhór
    gach oidhche na dteannta. Seo roinnt eachtraí 'na thaobh:
    Do bhí duine de mhuinntir Iarfhlaithe thall ar
    Dhoire an Chuirrtigh ag dul abhaile oidhche ó bheith ag
    sgoruidheacht agus nuair a tháinig sé go dtí teorainn
    an bhaile do chuir sé a phíopa na bhéal agus do lás
    é. Do bhí sean-chasán ag gabháil thar claidhe na
    páirce agus do chomáin sé leis chun gur snapadh
    an píosa amach as a bhéal de phreib.
    Do baineadh ana gheit as agus do thosnuigh sé ar
    bheith ag cuardach fan chlaidhe féachaint cár ghaibh
    sé uaidh ach dá mbeadh sé annsan ó shoin ní fhéadfad
    sé tuairisg an phíopa d’fhagháil.
    Do chuaidh sé abhaile agus níor chuimhnig sé a thuilleadh
    ar an bpíopa go dtí gur tháinig sé amach as an
    séipéal an Dómhnach na dhiaidh san agus gur bhuail
    Conín na bPúcaí uime.
    "Seo dhuit do phíopa," arsa Conín leis, "agus ba chóir
    duit bheith buidhthach díom mar mura mbeadh go rabhas
    i n-aofheacht leo an oidhche sin ní h-annso do bheithea
    indiu."
    Ní dubhairt an fear eile pioc ach an píopa do thógaint.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach