Meitheal Dúchas.ie
Tá cuireadh á thabhairt againn d’úsáideoirí an tsuímh tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar ábhar de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá súil againn go gcuirfidh an obair seo le rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal agus go gcuirfidh sé le hinrochtaineacht an ábhair chomh maith. Breis eolais…
Cláraigh nó logáil isteachPobal ag Tras-scríobh
Is deis í seo duitse cur le scaipeadh an ábhair luachmhair seo agus léargas níos doimhne a fháil ar Chnuasach Bhéaoideas Éireann. Más múinteoir nó léachtóir thú, bheimis an-sásta tacú leat an áis seo a úsáid sa seomra ranga. Más taighdeoir thú atá ag tras-scríobh ábhair as an bPríomhbhailiúchán nó as Bailiúchán na Scol ar mhaithe le do chuid taighde féin, is féidir leat an obair sin a spáráil ar dhuine eile ach é a roinnt linn anseo. Féach a bhfuil ar fáil le tras-scríobh.