Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0037

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ar an dtaobh thall de Dhún Mhaonmhaighe...

    37
    Ar an dtaobh thall do Dhún Mhaonmhaighe- tá áit ar a dtugtar
    Árd na Cuilce agus do thuit rud ana ghreannmhar amach
    annsan. Tá teampall ann agus is i n-aon oidhche amháin
    do tógadh an teampall san, agus níorbh aoinne ar
    an saoghal so a thóg é. Do ceapadh amhrán mar gheall
    ar sin gurbh ainm do "faithche bhreagh aerach a’ cheoil."
    Mar seo iseadh a ghabhann an t-amhrán:
    "A Righ gheal na ngrást agus slánuigh ná ón méid seo
    ó thanamhair i gcéim seal sa bhall
    Bíonn rás ann gach lá agus mná liom go taodmhar
    ar fáilte gan féile gan ghreann.
    Raghad-sa den státh so go Clár geal na Mumhan
    Mar a labharaidís na mná liom is ghairidís le fonn
    Cead síneadh síos lem' chairdibh gaoil go bráth insan úir
    Atá ar faithte bhreagh aerach a’cheoil.
    é
    Is ma shlán thar lear le mná gur fear
    ins gach áitreabh mór thímcheall
    Ó fhágann sé an Ghaortha go Brighid
    Is mo shlán dhos na h-áitheanna ná feicim-se i n-aonchor
    Mo shlán chun an méid úd sa chill
    Mo shlán chun na h-abhann gan cham gan chuise
    Is mo shlán chun na Banndan is mó leabhar breac innte
    Mo shlán chun an teampaillin ard na Cuilce
    Is mo shlán chun gach stáid bhruinneal óg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir