Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0032

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do thuit sgéal mar é sin amach i mBaile Mhúirne roinnt bliadhanta roimis sin...

    ag
    m

    ór

    ag
    ai
    gea
    go
    d
    ce a
    S
    ar
    go
    púd
    32
    Do thuit sgéal mar é sin amach i mBaile Mhúirne
    roinnt bliadhanta roimis sin agus Dómhnach ab’ eadh
    é leis. Do bhí muinntir an bhaill agus na píléirí.
    gan bheith ag réidteach le chéile an uair chéadna.
    Pé sgéal é do thuit an spéir as a chéile um
    thráthnóna go luath agus d’eirigh tuile mhór i n-aon
    leath-uair a chluig amháin.
    Do bhí droichead adhnaidh thiar mar a bhfuil an
    sean-dhroichead an uair sin agus do bhí sé ag tuitim
    as a chéile nách mór. Do bhí beirt phíléirí na
    seasamh ar an ndroichead agus d’eirigh áiteamh
    eatarra féin agus idir dhuine áirighthe do ghaibh an
    slighe, agus bé deire an sgéil é gur ghabhadar an
    fear agus bhíodar díreach ar tí é bhreith leo nuair
    a baineadh an droichead dá bhonnaibh agus do sguabadh
    chun siubhail é agus an mhuinntir a bhí anáirde
    air chómh maith Ní misde a rádh ná go raibh iongh
    iongnadh a gcroidhe ar lucht fiadhaigh a bhí ag teacht
    abhaile nuair a chonnacadar cúca an droichead agus
    an bheirt phíléar agus an príosúnach eatorra.
    Do thóg sé leath-uair a chluig iad do thabhairt ar thalamh
    slán!
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir