Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0012

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    12
    le n-a chéile agus nuair a bhí Naomh Abán ag fagháíl
    bháis i gConntae Loch Garman d’airig Naomh Gobnait
    marbhna na sochraide agus í i mBaile Mhúirne.
    Do bhí ar fheirmeoiribh na hÉireann deachmhadh
    a dhíol leis na Sasanaigh tráth - sé sin an deichmheadh
    cuid de gach aon bharra a bhíodh ag fás aca.
    Do thagadh sé anachruaidh ortha san a dhéanamh mar
    is beag gustal ná talamh a bhí agá lán aca.
    Do bhíodh prótadóirí deachmhan annso agus annsúd
    chun an cíos do bhailiughadh agus do bhí duine aca
    i mBaile Mhúirne mar an gcéadna. Do bhí seisean
    na chómhnuidhe i dtigh mhór cinn-tuighe ar Bhaile
    Mhic Íre agus ana shaoghal aige ann ar ndóin.
    Ba leis na sagairt an tigh san tráth chun gur
    bhain na Sasanaigh díobh é agus do thugadar don
    phrócadóir é. Tímpeall na bliana 1820 do
    eirigh na daoine agus na píléir anashearbh le chéile
    i mBaile Mhúirne agus do bhídís ag priocadh a
    chéile go minic
    Do ceangaladh buachaill áirighthe de thrucaill thiar
    ag an sean-dhroichead lá agus do tarraingeadh fan
    bhóthair é as san anuas go dtí Carraig an Adhmuid
    mar staincín ar na daoine. Do chuir san
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...

    12
    le n-a chéile agus nuair a bhí Naomh Abán ag fagháíl
    bháis i gConntae Loch Garman d’airig Naomh Gobnait
    marbhna na sochraide agus í i mBaile Mhúirne.
    Do bhí ar fheirmeoiribh na hÉireann deachmhadh
    a dhíol leis na Sasanaigh tráth - sé sin an deichmheadh
    cuid de gach aon bharra a bhíodh ag fás aca.
    Do thagadh sé anachruaidh ortha san a dhéanamh mar
    is beag gustal ná talamh a bhí agá lán aca.
    Do bhíodh prótadóirí deachmhan annso agus annsúd
    chun an cíos do bhailiughadh agus do bhí duine aca
    i mBaile Mhúirne mar an gcéadna. Do bhí seisean
    na chómhnuidhe i dtigh mhór cinn-tuighe ar Bhaile
    Mhic Íre agus ana shaoghal aige ann ar ndóin.
    Ba leis na sagairt an tigh san tráth chun gur
    bhain na Sasanaigh díobh é agus do thugadar don
    phrócadóir é. Tímpeall na bliana 1820 do
    eirigh na daoine agus na píléir anashearbh le chéile
    i mBaile Mhúirne agus do bhídís ag priocadh a
    chéile go minic
    Do ceangaladh buachaill áirighthe de thrucaill thiar
    ag an sean-dhroichead lá agus do tarraingeadh fan
    bhóthair é as san anuas go dtí Carraig an Adhmuid
    mar staincín ar na daoine. Do chuir san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir