Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(ar lean ón leathanach roimhe)13
fearg ar na daoine agus do deimhin nárbh aon iongnadh
san.
Do lean an sgéal ar an gcuma san go dtí 1830
agus nuair a tháinig aimsir bhailighthe na ndeachmhadhan
an bhliain sin do cuireadh casra maith Rifles
Dubha go dtí Baile Mhúirne chun lámh chonganta
a thabhairt do Mhorgain - an procadóir deachmhadhan
do chonnacthas na saighdiuií ag teacht agus do bhí
an sgéal i mbéal an bhaile.
Odhche an lae ’nar thánadar do chnósuigh roinnt
daoine isteach i dtigh Thaidhg Bháin Uí Thuama ar
bhéal a’ Ghearrtha chun cártaí dh’imirt mar a
dheinidís i gcómhnuidhe agus níor bhfada gur
tharraing duine éigin sgéal na Rifles dubha
chuige mar adhbhar diospóireachta.
Sidead na daoine a bhí láithreach an oidhche sin:
Tadhg Bán Ua Tuama agus a bhean;
Conchúbhar Dubh Ua Loingsigh - feirmeoir
a bhí ar na h-Ullánaibh. Liam Dubh na Carraige
(Ua Conaill) feirmeoir eile ón mbaile céadna;
Seán Óg na bPiléar (Ua Mureadha) - feirmeoir
óg a bhí sa chómharsanacht.
Sa chaint dóibh dubhairt duine éigin gur mór
an truagh gan tigh an t-sagairt (mar a raibh na
saighdiuirí) do chur tré theine an oidhche sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)