Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0272

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. 272
    Tuairisg ar Seán Máighistir Ua Chónaill.
    Ní fios go cruinn cár rugadh Seán Máighistir Ua Conaill.
    ach mura rugadh é i mball éigin i mBaile Mhúirne is i
    gConntae Cearraighe do rugadh é ach pé sgéal é, muinteair
    sgoile dob’ eadh é agus fear ana léigheannta ana colgaiseach.
    Do chaith sé tamall maith dá shaoghal i mBaile Mhúirne
    agus annsan d’aistrigh sé anonn go Cill na Martrá.
    Do bhí sgoil mhór annsan aige i ndeire na h-octmhadh
    aoise déagh. Do mhúin sé ghaedilg laidhean gréighis agus
    Béarla ann. File ana mhaith ab’ eadh Seán leis.
    Do chum sé alán amhrán ach níl ach fo-cheann aca i
    gclódh. Do tháinig Dómhnall Ua Conaill chuige ó
    Chiarraige nuair a bhí sé óg chun dular sgoil chuige
    Bhí drifiúr do dhómhnall pósta i gCloch Adhnaidh
    agus do tháinig sé chun cómhnuidhthe léi sin.
    I roilig dún dá fadara iseadh do cuireadh Sean
    Ar an mbaile sin leis iseadh do chómhnuigh
    Ralnín an ridire tailimh go raibh fhearann claidhín
    aige le sinnsearacht. Chuir sé sgail ar bhun annso
    dá chleinn agus dá lucht leananna agus Seán iseadh
    a bheadh ag muineadh sa sgoil sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach