Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0041

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title)

    Bhí cúpla bothán ar an trean-bhóthar (i mBaile Mhic Íre)...

    Bhí cúpla bothán ar an tsean-bhóthar (i mBaile Mhic Íre)
    roinnt bhliadhanta ó shoin agus do bhí sean-bhean na cómhnuidhe
    i mbóthán díobh so go raibh go raibh sparán teann aici
    do réir mar adeirtí.
    Do ghaibh bacach an treo agus d’airigh sé an ráfla san
    ar a siubhaltaibh. Do ghlaoidh sé isteach sa bhothán oidhche
    agus d’órduigh don t-seana mhnaoi do sparán do thabhairt
    do. Do thosnuig argóint fíochmhar eatorra agus mura
    bheadh fear áirighthe sa chómharsanacht a ghaibh thar an dtig
    is ró-bhaoghlach go mbeadh a cuid airgid imthighthe le
    fuacht agus le fán. D’airigh an fear so an gleo istig
    agus do chuaidh sé isteach.
    B’é deire an sgéil é gur cuireadh an bacach isteach
    i bpríosún. Do dhein Conchúbhar Ua Deasmhumhna
    an t-amhrán so ar an méid sin a thuit amach:
    Ar aireabhair-se an sgeal so ar Nóra Ní Mhuirthile
    Ní raibh sí gan gnó aice ag dul go dtí'n chúirt
    Chun go gcuirfeadh sí an cárda ar sgórnaig a’ chliobaire
    Tháinig sa treo i gcóir í mharbhughadh.
    I dtig ar bhéal bóthair 'seadh chómhnuigh an bhruinneal so
    Bhí feiste agus treo uirthe, ór aice is púint
    Do bhuail chúiche an stródhaire crón-dubh ó Luimnigh
    Ar intinn ar ndóin é bhreith uaithe siúd.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 Márta 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant