Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0040

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Cómharthaí na h-aimsire: Nuair a bhíonn aimsir bhreagh
    shocair ag teacht bíonn fonn ar na h-ainmhidhthe agus ar
    na h-éanlaithe go léir agus ana spioraid ionnta.
    Cómhartha doininne iseadh na h-éanlaithe do bheith á bpiocadh
    féin - na cearca go mór mór.
    "Ceo ar Mhuisire 's Clárach lom
    An cómhartha soininne is fearr ar domhan" -
    a dubhairt an file fadó.
    "An ghaoth adtuaidh a chuireann an ruaig ar
    shrighidibh."
    "An gaoth andeas a chuireann an rath ar shioltaibh"
    - An gaoth aniar a chuireann an t-iasc i lióntaibh."
    "An gaoth anoir a chuireann mo chuid ar ídeadh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Caoirigh Sheáin Óig agus Caoirigh Sheáin Chríonna agus Caoinigh Sheáin Lachtín ó Bhaile Mhic Íre

    Caoirigh Sheáin óig agus caoirigh Sheáin Chríodna agus
    caoirigh Sheáin Lachtín ó Bhaile Mhic Íre.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 March 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir
  3. (gan teideal)

    Masla do thugais gan cuireadh ó aoinne...

    Masla do thugais gan cuireadh ó aoinne
    Ar ainm an duine nár thuill a leithéid uait
    An masla do thugais an masla iseadh bhréagnaim
    Ach casfaidh an masla ag easgaine ort fhéinig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.