Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0069

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí Fionn Mac Cúmhaill agus an Fhian ag fuadach lá....

    69
    do bhí fionn Mac Cúmhaill agus an fhian ag fiadhach lá agus do thárla
    gur tugadh cuireadh dhóibh go féasta a bhí i dtigh. Do chuadar isteach
    agus do suidheadar síos ar chathaoireachaibh ag an mbórd agus
    an
    d’itheadar a sáith annsan. Taréis dóibh bhéile do chaitheamh do
    dheineadar iarracht ar eirighe ach is amhlaidh a bhíodh greamuighthe
    go daingean ins na cathaoireacha. Do bhíodar i bpúnc agus
    ní fheidir siad cad dob fhearra dhóibh a dhéanamh.
    Do thárla go raibh cuid den lucht seilge a lean an
    fiadhach agus ortha san do bhí Diarmuid Ua Duibhne. Do
    bhuail smaoineamh Diarmuid go raibh rud éigin bun os cionn
    leis an bhfinn agus do stad sé den fhiadhach agus do ghlaoidh
    chuige a lucht leanamhna agus do nocht a sgéal dóibh.
    Do thugadar a n-aghaidh ar thig an fhéasta agus nuair a
    fionn
    chuadar thar dorus isteach cad a bheadh rómpa ach
    agus an chuid eile don fhoinn agus ná féadaidís eirighe as na
    cathaoireacha. D’fhéachadar chómh greannmhar san gur gháir Diar-
    muid agus d’eirigh Conán Maol ar buile le feirg gur thug
    sé aghaidh na muc is na madraí ar Dhiarmuid.
    Do chuir fionn a órdóg na bhéal is do chogain go cruaidh
    sé na dhéad is d’órduigh do dhiarmuid fear na féasta do
    thabhairt na láthair. Do chuardaig diarmuid istigh is amuigh
    thíos agus suas ach ní bhfuair sé a thuairisg i n-aonbhall.
    Do tháinig sé tharnais airís is dubhairt fionn leis
    an áit do chur tré theine agus chómh maith do dhein.
    Níor bhfada i n-aoncor go bhfeacadar chúcha an "flait"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach