Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí táilliuir agus a bhean na gcómhuidhe i n-áit éigin fadó...”
441
Bhí tháilliuir g ó bhean na gcómhnuidhe i n-áit
éigin fadó agus ní rabhadar ró-shaidhbhir mar
adéarfé. ach mar sin féin do bhí a ndótháin
aca.
Oidhche áirighthe d’eirigh eatorra nuair a bhí coigilt
na teineadh ar siubhal g fé dheire do dheineadar
margadh le chéile: go gcaithfeadh an t-é a labharfadh
ar dtúis taréis eirighe na gréine an teine
a choigilt go cionn bliana.
D’eirigh an bheirt ar maidin. Chuadar
i gcionn oibre agus sar a raibh phuinn den lá
imthighthe do bhuail fear isteach chúcha agus é ar lorg
caorach. "Do chonnac," ar seisean leis an
dtáilliuir, go rabhais-se adh shuidhe go mach agus
mbféidir go bhfeacais mo chaoirigh a chailleach
go
aréir agus mé ag teacht abhaile.
Is amhlaidh a thosnuig an táilliuir ar fhéaduighill
go bóg do féin agus ní dubhairt sé focal.
Isé a shamhlaigh an fear eile ná gur bhódhar a
bhí an táilliúir agus d’arduig sé a ghlór
chuige, Sin a raibh dá bharr aige amhtaigh.
annsan do cheistigh sé an bhean agus is amhlaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)