Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0041
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Bhí cúpla bothán ar an trean-bhóthar (i mBaile Mhic Íre)...”
Bhí cúpla bothán ar an tsean-bhóthar (i mBaile Mhic Íre)
roinnt bhliadhanta ó shoin agus do bhí sean-bhean na cómhnuidhe
i mbóthán díobh so go raibh go raibh sparán teann aici
do réir mar adeirtí.
Do ghaibh bacach an treo agus d’airigh sé an ráfla san
ar a siubhaltaibh. Do ghlaoidh sé isteach sa bhothán oidhche
agus d’órduigh don t-seana mhnaoi do sparán do thabhairt
do. Do thosnuig argóint fíochmhar eatorra agus mura
bheadh fear áirighthe sa chómharsanacht a ghaibh thar an dtig
is ró-bhaoghlach go mbeadh a cuid airgid imthighthe le
fuacht agus le fán. D’airigh an fear so an gleo istig
agus do chuaidh sé isteach.
B’é deire an sgéil é gur cuireadh an bacach isteach
i bpríosún. Do dhein Conchúbhar Ua Deasmhumhna
an t-amhrán so ar an méid sin a thuit amach:
Ar aireabhair-se an sgeal so ar Nóra Ní Mhuirthile
Ní raibh sí gan gnó aice ag dul go dtí'n chúirt
Chun go gcuirfeadh sí an cárda ar sgórnaig a’ chliobaire
Tháinig sa treo i gcóir í mharbhughadh.I dtig ar bhéal bóthair 'seadh chómhnuigh an bhruinneal so
Bhí feiste agus treo uirthe, ór aice is púint
Do bhuail chúiche an stródhaire crón-dubh ó Luimnigh
Ar intinn ar ndóin é bhreith uaithe siúd.(continues on next page)