Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0046
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Innstear alán sgéalta mar gheall ar liosanna...”
(continued from previous page)uirthe agus do ghaibh sé na capaill agus siúd leis go dtí
an lios go dána neamh-eaglach.
Do threabhaidh sé leis go breagh socair chun gur
tháinig aimsir bhídh agus annsan do sguir sé na
capaill agus do tháinig sé isteach abhaile.
Nuair a bhí an dínnéar ithte aige do shín sé ar
fhuarma cois na teineadh agus d’fan sé annsan ar
feadh tamaill. Ba ghearr gur eirigh sé ana bhreoidhte
agus do thóg sé an leabaidh. Níor tháinig aon
feabhas air agus chun sgéal gairid do dhéanamh de
do thug sé leath-bhliain annsan agus cos aige san
uaigh. Tháinig a shláinte tharnais chuige na dhiaidh san
ach deirim leat nár dhein sé aon iarracht eile ar
an lios do threabhadh.(no title)
“Tá Lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon iarracht...”
Tá lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon
iarracht ar úsáid do bhaint as ach aon uair amháin agus
seo mar a thuit san amach. Do bhí gabha na chómhnuidhe
ar Charraig an Adhmuid agus do bhí sé ana dhealbh
agus do bhuail fear an leasa uime lá amháin sa
tsráid. D’iarr an gabha air an lios do thabhairt
do chun prátaí do chur ann an bhliain sin. "Airiú,"
arsan feirmeoir "tabharfadh agus fáilte ach do
chómhairleochainn duit gan é bhac. Níor chuireas féin
aon bharra ann riamh agus an rud ná baineann leat(continues on next page)