Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0033
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí bheirt ghaduidhe annso i mBaile Mhúirne...”
33
Do bhí beirt ghaduidhe anns i mBaile Mhúirne uair
agus do thugadar aghaidh ar thig thuas i n-aice na
roilge oidhche chun rud éigin do ghoid as.
Do thugadar leo roinnt choirce i málaibh agus do
chuireadar mála isteach sa roilig chun go dtíocfaidís
tharnais airís. Do tharla gur ghaibh gaduidhe eile
an treo agus nuair a airigh sé siubhal ag teacht
fé na dhéin níor dhein sé ach dul de léim isteach
thar falla na roilge agus luighe síos go raghadh an
tóir thairis.
Do stad an siubhal díreach ar a aghaidh amuigh ar
an mbóthar agus d’airigh sé fé mar a bheadh beirt
agus iad ag cogarnaigh le chéile. Fé dheire do labhair
duine aca bhí ard agus ar seisean, "raghad-sa
isteach annso anois chun an ceann istigh do
thabhairt liom." Nuair a airigh an fear istigh
an méid sin do shaoil sé gur daoine ón saogal eile
a bhí ann agus go rabhadar chun é bhreit leo agus do
léim sé os cionn tailimh agus do sguab chun siubhail
i dtreo gur bhain sé Bhaile Mhic Íre amach sar
ar stad sé