Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0077
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí táilliúir Chromuil ag obair uair amháin...”
Do bhí táilliuir Chrouil ag obair uair amháin thiar i bhFuthaire
agus mar seo oidhche agus roinnt des na cómharsain bailighthe istigh do thug duine éigin aca fé ndeara go raibh cos ana ghrána ag an dtáilliuir. 'Na theannta san do bhí an chos crapaighthe.
"Bhuel," arsan duine sin. "Do chuirfinn geall ná feacaidh aoinne riamh cos níoba ghráinne ná an chos san anois."
Do stad gach aoinne agus d’fhéacadar ar an gcois agus
d’adhmhuigh gach aoinne aca ná feachadar. Níor leig an táilliuir air gur airigh sé iad ar feadh tamaill agus annsan do
labhair sé. "Cuirfidh mé geall," ar seisean, "go bhfuil cos níos gráinne ná an chos san istigh sa tigh seo anocht".
Do leath a bhéal ar a raibh istigh agus d’fhéach gach aoinne
ar a chosaibh féin. Do thárla go raibh cos crapaighthe ag
bean a’ tighe féin agus do tháinig fearg uirthe sin nuair
d’airigh sí cad dubhairt sé. Fé dheire dubhradar go léir
ná raibh aon chos ann níoba ghráinne ná an chos san aige féin agus leis sin do tharraing an táilliuir amach chúcha a
chos eile agus do bhí an chos san níba sheacht mheasa ná an
ceann eile. Ní misde a rádh ná gur baineadh geit asta
go léir agus do thugadar tamall maith ag gáiridhe na thaobh.