Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0032
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do thuit sgéal mar é sin amach i mBaile Mhúirne roinnt bliadhanta roimis sin...”
ag
m
sí
ór
nó
ag
ai
gea
go
d
ce a
S
ar
go
púd
32
Do thuit sgéal mar é sin amach i mBaile Mhúirne
roinnt bliadhanta roimis sin agus Dómhnach ab’ eadh
é leis. Do bhí muinntir an bhaill agus na píléirí.
gan bheith ag réidteach le chéile an uair chéadna.
Pé sgéal é do thuit an spéir as a chéile um
thráthnóna go luath agus d’eirigh tuile mhór i n-aon
leath-uair a chluig amháin.
Do bhí droichead adhnaidh thiar mar a bhfuil an
sean-dhroichead an uair sin agus do bhí sé ag tuitim
as a chéile nách mór. Do bhí beirt phíléirí na
seasamh ar an ndroichead agus d’eirigh áiteamh
eatarra féin agus idir dhuine áirighthe do ghaibh an
slighe, agus bé deire an sgéil é gur ghabhadar an
fear agus bhíodar díreach ar tí é bhreith leo nuair
a baineadh an droichead dá bhonnaibh agus do sguabadh
chun siubhail é agus an mhuinntir a bhí anáirde
air chómh maith Ní misde a rádh ná go raibh iongh
iongnadh a gcroidhe ar lucht fiadhaigh a bhí ag teacht
abhaile nuair a chonnacadar cúca an droichead agus
an bheirt phíléar agus an príosúnach eatorra.
Do thóg sé leath-uair a chluig iad do thabhairt ar thalamh
slán!