Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Nuair a bhí an ridire Bálding na chómhnuidhe thall ar an gCloch Adhna...”
71
Nuair a bhí an ridire Báldíns na chómhnuidhe thall ar an
gCloich Adhna do tharla gur thug sé cuireadh do roinnt daoine
go dtí a thig lá chun féasta do chaitheamh na theannta.
Do bhailigheadar isteach agus do shuidheadar chun búird
iad féin agus an ridire agus a mhac san. Insan chainnt
dóibh do dheineadar cur síos ar phúcaibh agus ar rudaí
den tsórd san agus sa deire dubhairt mac Báldine
go gcuirfeadh sé geall le h-aoinne istigh sa tigh go
bhféadfadh sé féin giorrfhiadh a dhéanamh do dhuine.
Níor chréid aoinne é agus is amhlaidh a bhíodar ag
gáiride; dubhairt duine aca go bhféadfadh sé a chleas
d’imirt air féin dá mba mhaith leis. Dubhairt mac
an rídire roinnt focail annsan agus slán mar a
n-innstear é, ní raibh le feisgint i n-áit an duine
eile ach giorrfiadh.
Tháinig eagla a gcroidhe ar a raibh istigh i dtreo gur
thóg duine aca gunna a bhí taobh leis na láimh agus
gur chaith sé urchar leis an ngiorrfhiadh le neart eagla.
Nuair a ghlan an ceo do thugadar fé ndeara ná raibh
an ghiorrfhiadh marbh ach ní raibh ach aon tsiúil amháin
na cheann aige. Do thug mac Báldíne an giorrfiadh
tharnais na riocht ceart airís ach as san amach ní raibh
ach aon tsúil amháin ag an bhfear san.