Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0094
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Tá mo chroidhe chómh dubh le h-áirne...”
s
4
Tá mo chroidhe chómh dubh le h-áirne
nú le gual a bhuailfí i gcéardchain
Ó áirigheas iad ó rádh go raibh Isreann im' chóir
Eirigh-se go ró-mach is cuir-se dhíoth an bóthar
Is ná h-innis páirth deo ghnó dá maireann beo sa islighe.
.
Sí an lanaladh a chradaidh me nuair a thug sí leabhar am' láthair
go n-blfainn féin a shláinte is go suidhfinn síos go fóill
D’fhanas ar an áit sin go maidin lár na mhaireach
Mo mheidlí is mo chartaí gur fhagas sa faoin mbórd.
T.
Níl mo shláinte ar fógnamh ó stopas-sa den ól sé
Tá casachtach agus ceo agus achrann mór in' chroidhe
Is go dtíocfaidh an bás orm i laibh an chlaidhe nú i mbearnainn
Is m' anam-se go bráth i n-Íreann dá dhóghadh
F.
Stadfad-sa dem' dántaibh ní dhéanfadh a thuilleadh rádh libh
Ach go bhfuil clanna Goidheal gan faghaltas is is amb a bheid go fóill
Ipean Thaidh lán amuigh faoin mbáistig ag gráfadh is ag tárlamh
Sagairt agus bráithre reamhar chuirp ag feoil.
F.
dá n-oirfeadh olna bháis duit ní chuirfidís í ort láithreach
gan airgeadh na plátha nú braon aca le n-ól
Ifreann tá lán díobh sagairt agus bráithrí
lucht meidlí is cártaí anáirde os a gcómhair.