Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Ar an dtaobh thall de Dhún Mhaonmhaighe...”
37
Ar an dtaobh thall do Dhún Mhaonmhaighe- tá áit ar a dtugtar
Árd na Cuilce agus do thuit rud ana ghreannmhar amach
annsan. Tá teampall ann agus is i n-aon oidhche amháin
do tógadh an teampall san, agus níorbh aoinne ar
an saoghal so a thóg é. Do ceapadh amhrán mar gheall
ar sin gurbh ainm do "faithche bhreagh aerach a’ cheoil."
Mar seo iseadh a ghabhann an t-amhrán:
"A Righ gheal na ngrást agus slánuigh ná ón méid seo
ó thanamhair i gcéim seal sa bhall
Bíonn rás ann gach lá agus mná liom go taodmhar
ar fáilte gan féile gan ghreann.
Raghad-sa den státh so go Clár geal na Mumhan
Mar a labharaidís na mná liom is ghairidís le fonn
Cead síneadh síos lem' chairdibh gaoil go bráth insan úir
Atá ar faithte bhreagh aerach a’cheoil.
é
Is ma shlán thar lear le mná gur fear
ins gach áitreabh mór thímcheall
Ó fhágann sé an Ghaortha go Brighid
Is mo shlán dhos na h-áitheanna ná feicim-se i n-aonchor
Mo shlán chun an méid úd sa chill
Mo shlán chun na h-abhann gan cham gan chuise
Is mo shlán chun na Banndan is mó leabhar breac innte
Mo shlán chun an teampaillin ard na Cuilce
Is mo shlán chun gach stáid bhruinneal óg.(continues on next page)