Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0054
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici...”
Do bhí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici. Dubhradar a dtriúr go raghaidís amach ar a n-ádhbhar féin agus do thugadar aghaidh ar bóthar duine aca soir, an tarna duine siar agus an tríomhadh fear ó dheas. B’é an fear sa an t-é dob’ óige agus níor stad seisean go dtí go raibh an oidhche taréis tuitim agus ná feacaidh sé soir ná siar. Sé an áit na bhfuair sé é
féin ná istig i gcoill a bhí chómh dorcha le tóin an phúca agus
do bhí sé ag útamáil leis chun go bhfeacaidh sé solus tamall beag uaidh.
Do dhruid sé i dtreo an tsoluis gur thug sé fé ndeara gur
botháinín a bhí ann agus siúd go dtí an dorus é agus áthas
air. D’osgail sé an dorus agus isteach leis. Ní raibh
duine ná daonnaidhe sa tigh roimis ach do bhí teineadh bhreagh(continues on next page)