Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0062
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici.”
Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac
amháin aici. Ní raibh aon rachmus ró-mhór aca agus
mar seo lá dubhairt an mac go bhfágfadh sé an baile
agus go mbainfeadh sé triall as an saoghal mór féachaint
conus a eireochadh leis. D’fhág sé slán agá mháthair
agus do thug aghaidh ar bhóthar.
Fuair sé obair ó chailligh a bhí na cómhnuidhe i
ngleann uaigneach le h-ais coille agus d’fhan sé ann-
san. Nuair a tháinig an mhaidean d’órduigh an
chailleach do dul agus an stábla do ghlanadh amach agus
búcla óir a chaill a mháthair ann d’fhagháil di. Amach
leis agus do luigh isteach ar an stábla a ghlanadh amach
ach nuair a chaitheadh sé sluaiste den aoileach amach do
thagadh a dhá oiread isteach i dtreo nuair a bhí aimsir
dínnéar tagaithe go raibh an áit go léir lán geall
leis. Do tháinig an cailín aimsire amach chuige
leis an ndinnéar agus dubhairt sí leis go nglanfadh
sí féin an stábla ach gan pioc a leigint air.
Do thosnuigh sí ar obair ach d’iompuigh sí an
sluagh taobh síos suas agus ba ghearr an mhoill uirthi
an stábla do ghlanadh agus fuair sí an búcla óir.
"Coimeád an búcla san," arsan cailín, "ach taisbeain
di é mar chruthughadh go bhfuarais é."
Chuaidh an buachaill isteach sa tigh um thráthnóna agus d’fhiafruig
an tsean-bhean de ar ghlan sé an stábla. Dubhairt sé gur(continues on next page)