Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0053
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí fear ann fadó agus do thárla go raibh droch-chlú air...”
Do bhí fear ann fadó agus do thárla go raibh droch-chlú air
ag na sagairt go h-áithrighthe agus do thuit sé breoidhte
is do fuair bás taréis tamaill.
D’fhan an sgéal ar an gcuma san go dtí go
raibh seanmóin dá tabhairt uaidh domhnach áithrighthe ag
sagart na parróiste agus do dhein sé an duine marbh
do tharrac isteach sa chainnt ar chuma éigin go
ndubhairt sé go raibh an fear san i n-Ifreann an
lá céadna. "Agus anois," arsan sagart, "déanfaidh
mé fios do chur ar an bhfear san féachaint cad
tá le rádh aige."
"A Chian a Chian," arsan sagart, "má thá'n tú
annsan cuirim d’fhiachaibh ort labhairt linn agus innis
dúinn cadé an saghas saogail agat é."
Do thosnuig an fear a bhí marbh agus dubhairt mar seo:
"Mise Cian na mbeann óir
Ba shia é mo lón ná mo shaoghal
Níor chuireas duine as mo thig
Is níor cuireadh mise a tigh Dé
A dhuine úd do thug an bhreith
Is nár fhanais-se le breith Mhic Dé
Ins an áit gur cheapais mise chur
Is ann do cuirfear tusa féin!"