Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici.”
(ar lean ón leathanach roimhe)63
dhein agus do tharraing sé an búcla óir amach as a phóca
agus do thaisbeain di é. "Tá go maith" ar sise, "tabharfaidh
mé gnó eile dhuit le déanamh ar maidin."
Do chuaidh sé a chodladh agus nuair a eirigh sé ar maidin
d’órduigh sí do dul go dtí an abhainn le h-ais na coille
agus í thaosgadh; go raibh biorán cniotála caillte ann
le fiche bliadhain agus gur mhaith léi é fhagháil.
Do chuaidh sé go dtí an abha agus do thosnuigh ar í
thaosgadh amach ach is ag eirighe a bhí an t-uisge san
abhainn i dtreo nuair a tháinig an cailín leis an dinnéar
chuige gur chaith sé eirighe as an obair nú do bhádfaí é.
"Taosgad-sa an abha san duit" arsan cailín. Do rug
sí ar an mbuicéad ach is amhlaidh a chaitheadh sí an t-uisge
ar an dtaobh thiar di agus ba ghearr go raibh an áit go
léir i ndíst agus do fuair sí an biorán cniotála.
"Taisbeain an biorán cniotála so dhi anois" arsan cailín
"ach ar do bhás ná tabhair di é: beidh sé áiseach fós."
Chuaidh sé abhaile um thráthnóna agus do thaisbeain
an biorán don tsean-mhnaoi. Do bhí sí sásta agus dubhairt
sí leis dul a chodladh mar go mbeadh gnó eile aici dho
ar maidin. Nuair a eirigh sé thug sí órdughadh dho
dul amach sa choill agus breith ar chapall a bhí ann agus
é thiomáint leis go dtí tigh an ríogh agus é bhronnadh
air uaithe féin.
Do shleamhnuigh an cailín amach na dhiaidh agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)