Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici...”
(continued from previous page)59
díobh agus thug sé a bheannacht dóibh. Chomháineadar leo
go dtí coill na bhfathach agus chuadar isteach sa coill. Níor
bhfada gur léim amach chúcha leomhan mór allta agus a
bhéal ar osgailt aige. Do tharraing an ma dob óige
ubhall as a phóca agus thug sé don leomhan é agus do bhí
sé chómh mín le caora as san amach.
Chuadar chun siubhail arís agus do léim amach chúcha
fathach mór agus a chrúcaí amach aige chun iad do stracadh
as a chéile. Do léim an leomhan agus do leag sé an
fathach agus d’fhág an bheirt driotháir annsan iad.
Do phiocadar na h-ubhalla fiadhaine agus d’iompuigheadar
abhaile ach díreach agus iad ag dul amach thar claidhe do
léim chúcha giorrfhiadh mór agus d’fhan sé ag anáirde
ar an gclaidhe gan aon eagla air.
Do thóg an mac dob’ óige ubhal as a phóca agus do
thug sé don ghiorrfiadh é. D’ith an giorrfiadh an
t-ubhal agus láithreach bonn do deineadh fear de agus
cia bheadh ann ach an tríomhadh driotháir. Do bhí
áthas a gcroidhe ortha go léir agus do chomáineadar
leo go tig an ríogh. Do tugadh ubhall des na h-ubhallaibh
fiadhaine d’inghean an ríogh agus do leigheasadh í
láithreach. Do bhí áthas an domhain ar an righ agus(continues on next page)