Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí tailliuir ag obair i dtigh fadó...”
(ar lean ón leathanach roimhe)61
raibh na giorrfhaidhthe eile ag súgradh dhóibh féin fan na
h-oidhche, bhí oidhche ana uaigneach aici sin go dtí
breacadh an lae nuair a sgar na giorrfaidhthe ó
chéile. Do lean sí an táilliuir airís chun gur
bhaineadar an baile amach agus suas leis sin ar
bharr an tighe agus síos an simné. Do dhein sise
amhlaidh agus bhí sí díreach i n-am mar dubhairt
an giorrfiadh eile focail áirighthe istigh sa bhfáinne
agus do deineadh fear airís de. Dubhairt sise
na focail céadna agus tháinig sí tharnais na
riocht féin.
D’fhair sí an táilliuir airís an chéad oidhche
eile agus do dheineadar araon an cleasa céadna
ach nuair a thángadar tharnais ar maidin do
bhí an giorrfhiadh eile ró thapaidh di sin agus
níor airigh sí na focail adubhairt sé istigh sa
bhfáinne. Amach léi airís agus nuair a bhí an
oidhche tagaithe agus muinntir an tighe imthigthe
a chodladh do chuaidh sí isteach agus d’fhan
sí fén bhfuarma i gcaitheamh na h-oidhche chun
gur tháinig an táilliuir abhaile. D’airigh sí na
focail adubhairt sé sa bhfáinne agus dhein sise an cleas
céadna agus deineadh cailín di láithreach airís.