Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí duine áirigthe na chómhnuidhe thall ar an Cloich Adhna...”
(ar lean ón leathanach roimhe)52
Lá eile do bhí Conín ag gabháil an bhóthar agus do
bhuail uime fear a bhí na chómhnuidhe thall i mBéal
Átha'n Ghaortaidh. Do stadadar araon suas agus do
thugadar tamall annsan ag cainnt agus ag cur tré
chéile agus fé dheire dubhairt Conín leis go mba
cheart do a innsint dá mhnaoi ná raibh baisín glan
le fagháil ar an ndríosúr aice, agus go mbfhearra
dhí iad do nighe gan a thuilleadh righnis.
Do leath a shúile ar an bhfear eile mar ní raibh
Conín riamh taobh istig de dhorus an tighe sin.
"Agus" arsan fear eile le Conín, "cá bhfios
duit-se ná fuil báisín glan ar an ndriofúr?"
"Ó, bhuel," arsa Conín, "fagaimís siúd mar
atá sé ach deirim leat gur fearr mo chómhairle
a ghlacadh." Leis sin do chomáin Conín leis.