Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí na chómhnuidhe ar an gCarraig....”
(continued from previous page)50
bhailig sé leis ar chuna éigin gur bhain sé an baile
amach. Chuaidh sé a chodladh ach bhí sé ana bhreoidte
ar maidin. Do deineadh gach aon iarracht thar
a chéile ar feabhas do chur air ach do theip glan é
thabhairt tharnais airís.
D’fhan sé annsan ar feadh bliana agus ní aithneachadh
aoinne é - fiú amháin a mháthair do bhí sí ag cuimhneamh
nárbh é féin a bhí ann i n-aonchor ach iarlis éigin
a caitheadh ann na ionad. Do cómhairligheadh di an
úrsal do chur sa teine agus rith chuige léi féachaint
a' gcuirfeadh sí an ruaig air.
Do bhí duine eile ann a chómhairligh di é bhreith
léi agus leigint do clocha gréine do phiocadh as an
dtalamh. Do dhein sí amhlaidh ach do bhí sé ró-bheag
chun na clocha a phiocadh. Fé dheire do fuair
sé bás.
[D’airigheas féin an sgéal so dá innsint go minic ag
driofúr
an bhuachalla. Bhí sí tímpeall sé bliana
dhéag agus trí fichid an uair sin agus do dhearbhuigh
sí ná raibh focal bréige ann. - SÓC.]