Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)gabhair, iad do chomáint amach ar maidin, iad d’aodhaireacht i
gcaitheamh an lae agus iad do thabhairt abhaile ar thuitim na
h-oidhche.
Do tháinig lá sneachtaidh ortha mar seo sa gheimhreadh. Do
chaith Sean dul amach ag comáint a ghabhar ach nuair a
chonnaic sé gur fhan an sneachta ag tuitim do rith sé abhaile agus d'fhág sé na gabhair na dhiaidh. Amach sa lá nuair a chonnaic a mháthair ná raibh aon deallramh stop ag an
sneachta dubhairt sí le Seán dul agus na gabhair a fheisgint.
Do chroith sé a shlinneain agus dubhairt sé go raibh an
uain ana fhuar. Dubhairt sí leis breith ara chota mór agus
í chasadh tímcheall air féinig agus na gabhair a thabhairt
leis sar a múchfaidh iad sa tsneachta.
Do thóg Seán leis a chóta mór agus d’imthigh sé ar lorg
na ngabhar. Do bhuail uime i gceann dos na páirceanna
gallán mór fada na seasamh agus níor aithin sé an gallán
thóisg an tsneachta a bheith a chathadh air agus do shaoil sé
gur duine a bhí ann. Do dhein sé ar an ngallán agus do
bheannuigh sé dho agus d’fhiafruigh sé de cadé an donas a bhí air seasamh annsan a leithéid seo de lá sneachta. Níor labhair an gallán focal. "Mo thruagh thu a dhuine bhoicht" arsa Seán, "is dócha go bhfuileann tú leaghtha ag an bhfuacht".
Thóg sé an cóta mór dá ghualainn féinig agus d'eirigh sé ar a bharraicíníbh agus chas sé an cóta mór tímcheall ar an ngallán. "agus is dócha go bhfuil gadh do dhóthain agat léi" arsa Seán(continues on next page)