Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)220
Beir leat cuid dt" arsa na fir.
Do fhliuch sé ceann a dhá mhéar agus do cheangail
naoi ngráinne cruithneachtan ar a méireannaibh
"Is lear an méid seo," ar sise, " beannacht dé
aghaibh." Chuaidh sí ag triall ar an agharsún is
d’innis do go raibh an chruithneacht aici.
. Tá mo mhian sásta; a mháthair nuair a
Chonnac í," ar seisean. "Deir leat i go dtí an
muileann atá ar an slighe romháinn.
Nuair a chuadar chómh fada leis an muilea an
fear becth muir earach ab’ ead fear an mhuilinn
ní bheireadh an gruth ar an méidhg aige do bhí
teipighthe air aon mídh cóir do sholáthar do sna
learbháí bochta.
"Imthigh ort isteach" a mháthair," ar seisean,
"agus abair le fear an mhuilinn an meilfeadh sé an
déire chruithneachtan atá agat. Abair leis í bheith meilte
aige nuair a gheobham an tslighe airís."
Chuaidh an mhaighdean ag triall ar fear an
mhuilinn agus d’iarr sí air an dheire chruithneachtan
do mheilt. "Níl mórán ann" ar sise," ach
ní bhíonn an beag ach mar a mbíonn an mór(continues on next page)