Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0034

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    B'é cúis gur tugadh Carraig an Adhmuid ar Shráid Bhaile Mhic Íre ná:

    B’é cúis gur tugadh Carraig an Adhmuid ar sráid
    Bhaile Mhic Íre ná: fadó nuair do bhí Naomh Gobnait fé
    réim i mBaile Mhúirne agus nuair a bhí an t-adhmad chun an ceann a chur ar an dteampall ag teacht ann do thárla gur tháinig gaduidhthe agus gur ghoideadar an t-adhmad.
    Do chuireadair an t-adhmad san i bhfolach (fuaimighthe forlach)
    ar charraig atá ar an dtaobh thiar den áit ina bhfuil sráid
    Carraig an Adhmuid anois.
    B’shiné cúis gur tugadh an ainm sin ar an áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 March 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Suíomh
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Faisnéiseoir
  2. (gan teideal)

    Do bhí fear na chómhnuidhe thoir ar Charraig an Phúca...

    Do bhí fear na chómhnuidhe thoir ar Charraig an Phúca tá
    tamall ó shoin agus ní raibh aoinne dob’fhearr ná é, chun
    féar a bhaint le speil. Mar seo oidhche do chuaidh sé a
    chodladh agus do thaidhbhrimh sé gur tháinig beirt fhear chuige agus é na luighe ar an leabaidh agus gur órduigheadar do eirighe agus teacht leo go raibh gnó áirighthe aca dhe.
    Do tháinig an taidhreamh i ndáiriribh air i dtreo gur osgail sé a shúile agus go bhfuair sé é féin ar muin capaill agus marcach eile ós a chómhair amach ar an gcapall. Do chomáineadar leo agus níor bhfada i n-aonchor go bhfuair sé é féin istig i lár páirce agus
    mheitheall mór daoine na seasamh ann. Ba ghearr go
    bhfeacaidh sé spealadóir lúthmhar láidir agus gan air
    ach a bhríste agus a léine. Do gléas sé é féin chun
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.