Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 221
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Leathanach 221
- XML “Cath Pháirc na Fola”
- XML “Caisleán na Mine Airde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhothán agus cómh lúath agus thagadh aoine amach do mharbhuighidís é. Ar deire do chruinnig na daoine le chéile agus troideadh cath fuilteach i bpáirc ar a dtugtar "Páirc na Fola" go dtí an lá indiú. Bhí an búadh ag na Caitleachaig acht mar sin féin deineadh ár mór ortha. Do cuireadh na daoine a marbhuigheadh san áit in ar thuiteadar. Cuireadh goláin mhóra na seasamh os cionn na háite in ar cuireeadh íád agus do scríobhadh, "ná bain leis na corpaib atá curtha annseo." In Ógham atá sé scríobhtha agus tá sé le feicsint go soiléir go dtí an lá indiú.
- Ar árdán glas os cionn na fairrge atá an caislean seo. Ní fios cé thóg é acht is lán deimhneach go raibh sé i seilbh na nGearaltach núair a bhí eirghe amach Íarla Deas Múmhan ar siúbhal. Taréis do shaighdiúirí an Íarla Caisleán na Mainghe do thréigint thángadhar go caisleán na Mináirde agus chuireadar i dtreó chosanta í. Badh gheárr go dtáinig na Sasanaig timcheall orta ar mhuir agus ar thír. Do leanadh de ionnsuidhe ar feadh coighcíse. Fén am so do bí stór púdar an chaisleáin idighthe. Fúair na Sasanaig eólas ar sin agus do shéideadar an caisleán agus a raibh innte san aér. Do fúaireathas corp an té a bhí na ceanaire ar shaighdiúirí na nGearaltach imeasg na marbh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry