School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 346 Forward
Resolution: Low | High
Moyderwell Convent of Mercy | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do bhí bean ar an mbaile timcheall le dacadh blíaín ó shoin agus bhí a mac breóidhte. Do marbhuigheadh muc sa teach béal dorais agus um tráthnóna do shiubhail sí isteach ann.
"An dtabharfá croidhe na muice dhomh ar sise le bean an thighe, "tá mo mhac breóidhte agus dubhairt sean-bhean liom aréir nách bhfuil aon nídh a leiseóchaidh é acht cuid de chroidhe muice."
"Tá go maith" arsa bean an tighe, "téighir síos agus faig as an mbuicéad é." Annsan do chuaidh sí ar a glúinibh os cionn an bhuicéid agus badh géarr gur las an buicéad agus a raibh istig ann.
"Búail amach" ársa bean an tighe léi.
"Ní raibh úaim acht an méid sin anois" ar sise.
Lá ar na mháireach bhí a mach féin slán agus cailleadh mach na mna a thug an croidhe dhí. Dúbairt an sagart gurb shin an píanós a chur Díá ar an mnaoí toisg gur thug sí an croidhe dhí chun a cuid piseóg do chur i bhfeidhm.
(An seóldadh céadhna)

2) Táinig bean óg abhaile óMheirce go dtí paróiste na Mináirde. Cómh lúath in Éirinn agus chídeadh sí cuigean dá dhéanamh geibheadh sí scimín agus do téigeadh go dtí an abha badh

(continues on next page)
Collector
Eibhlís Ní Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Informant
Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Language
Irish